Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025

26 July 2024

Féadfaidh caomhnóirí agus úinéirí struchtúr cosanta iarratas a dhéanamh anois ar mhaoiniú deontais suas le €50,000 faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025.  Cabhraíonn an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) le caomhnóirí agus úinéirí struchtúr cosanta a gcuid dualgas a chomhlíonadh maidir le cúram a thabhairt d’oidhreacht thógtha na hÉireann.

Arna sheoladh ar an 26 Iúil, beidh SIOT 2025 oscailte d’iarratais go dtí an 27 Meán Fómhair 2024 agus fógrófar na tionscadail rathúla i mí Eanáir 2025.  Beidh sé seo trí mhí níos luaithe ná an tréimhse fógartha thraidisiúnta i mí an Mhárta agus tabharfaidh sé am breise d’úinéirí agus do cheardaithe a gcuid tionscadal a sceidealú agus a chríochnú le linn 2025.

Níl SIOT 2025 teoranta do theaghaisí príobháideacha agus tugann sé cúnamh airgeadais luachmhar do raon leathan láithreán oidhreachta, lena n-áirítear anois catagóirí áirithe struchtúr a bhí cuimsithe roimhe seo ag an gCiste um Struchtúir Stairiúla (CSS), scéim ar leith a dhíríonn ar dheontais idir €50,000 agus €200,000 chun cabhrú le tionscadail ar scála níos mó.  Osclófar iarratais ar an CSS i dtreo dheireadh 2024.

Ní mór iarratais ar SIOT 2025 a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha faoin 27 Meán Fómhair 2024.  Is féidir leo siúd ar spéis leo iarratas a dhéanamh a gcuid ceisteanna a dhíriú chuig a nOifigeach Caomhantais Ailtireachta áitiúil.

Is féidir sonraí iomlána faoi SIOT 2025 – lena n-áirítear foirmeacha iarratais agus sonraí teagmhála d’Oifigigh Chaomhantais Ailtireachta áitiúil – a fháil thíos:

SIOT 2025 Ciorclán

SIOT 2025 Treoirleabhar d’Iarratasóirí

SIOT 2025 Foirm Iarratais A

SIOT 2025 Seicliosta d’iarratasóirí

SIOT 2025 Oibreacha Cáilitheacha agus Neamhcháilitheacha

Sonraí Teagmhála d’Oifigigh Cheomhnaithe Ailtireachta