An úinéir tí thraidisiúnta tú? An bhfuil tú ag smaoineamh ar bheith i d’úinéir ar theach traidisiúnta, stairiúil? Táimid ag iarraidh cloisteáil uait!
Ba bhreá leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta do chuid smaointe a fháil faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húinéir tí traidisiúnta. Beidh d’aiseolas fíor-luachmhar chun cabhrú le múnlú polasaí amach anseo agus chun maoiniú a fháil do na foirgnimh seo atá mar chuid chomh tábhachtach dár n-oidhreacht thógtha agus dár dtírdhreach.
Tá foireann taighde neamhspleách a oibríonn ar ár son ag reáchtáil sraith fócasghrúpaí 90 nóiméad ar líne. Bheadh an-áthas orainn do thuairimí a chloisteáil agus do thaithí a roinnt linn. Más mian leat a bheith páirteach, déan teagmháil linn! Tá d’aiseolas an-tábhachtach dúinn.
Déan teagmháil le Catriona O’Flaherty trí ríomhphost le do thoil ag Catriona.OFlaherty@housing.gov.ie nó ar an bhfón ar 01 5393651.