D’fhógair Christopher O’Sullivan TD, an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, go bhfuil 651 tionscadal oidhreachta tógtha chun leas a bhaint as maoiniú de €8.1m le haghaidh deisiúcháin faoi stiúir caomhnaithe faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025.
Tacóidh Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha le coimeádaithe agus úinéirí struchtúr cosanta, agus struchtúr laistigh de Limistéir Caomhantais Ailtireachta, i gcúram agus i ndeisiú a réadmhaoine oidhreachta agus ag an am céanna scileanna traidisiúnta tógála a fhorbairt agus a fheabhsú. Trí dheontais suas le €50,000, úsáidfear Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha chun obair brící agus chloiche, aghaidheanna siopaí agus fuinneoga, earraí uisce báistí agus díonta a dheisiú faoi stiúir caomhnaithe. Bainfear úsáid as na tairiscintí maoinithe faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha chun raon leathan réadmhaoine oidhreachta a dheisiú, ó thithe measartha go foirgnimh phoiblí shuntasacha, lena n-áirítear:
Leithdháilfear €1.25m den mhaoiniú de €8.1m ar thithe ceann tuí agus €650,000 bronnta ó Scéim Infheistíochta na hOidhreacht Tógtha agus €600,000 ón Sruth tiomnaithe um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla.
I measc na réadmhaoine oidhreachta a bhaineann leas as an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla, tá teach ceann tuí in aice le Cor an Dola, Contae na Gaillimhe, ar cuireadh maoiniú de €17,500 ar fáil dó agus Teachín na Rósanna, Málainn, Contae Dhún na nGall, ar tairgeadh €14,000 dó.
Chomh maith leis an maoiniú a chuirtear ar fáil faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha, geallfaidh coimeádaithe agus úinéirí €29.5m measta chun deisiú a dhéanamh ar a gcuid réadmhaoine oidhreachta faoi stiúir caomhnaithe, rud a fhágfaidh gur infheistíocht an-suntasach é sin inár n-oidhreacht thógtha agus na scileanna tógála traidisiúnta a thacaíonn léis.
Tá liosta iomlán na dtionscadal oidhreachta tógtha a bhaineann leas as maoiniú faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025 ar fáil le híoslódáil thíos.
Tairiscintí Deontais Molta do Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025
Tairiscintí Deontais Molta do Shruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla 2025
Léigh an phreaseisiúint iomlán anseo
📷 Teachín Naomh Maodhóg, Fearna, Contae Loch Garman, a bhainfidh leas as maoiniú de €44,000 faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025