An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025

14 February 2025

D’fhógair Christopher O’Sullivan TD, an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, go bhfuil 651 tionscadal oidhreachta tógtha chun leas a bhaint as maoiniú de €8.1m le haghaidh deisiúcháin faoi stiúir caomhnaithe faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025.

Tacóidh Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha le coimeádaithe agus úinéirí struchtúr cosanta, agus struchtúr laistigh de Limistéir Caomhantais Ailtireachta, i gcúram agus i ndeisiú a réadmhaoine oidhreachta agus ag an am céanna scileanna traidisiúnta tógála a fhorbairt agus a fheabhsú.  Trí dheontais suas le €50,000, úsáidfear Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha chun obair brící agus chloiche, aghaidheanna siopaí agus fuinneoga, earraí uisce báistí agus díonta a dheisiú faoi stiúir caomhnaithe.  Bainfear úsáid as na tairiscintí maoinithe faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha chun raon leathan réadmhaoine oidhreachta a dheisiú, ó thithe measartha go foirgnimh phoiblí shuntasacha, lena n-áirítear:

  • Eaglais Naomh Peadar, Baile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí, áit a bhfuil €18,562 curtha ar fáil le haghaidh deisiúchán chun athúsáid oiriúnaitheach na heaglaise a chumasú mar ionad imeachtaí pobail;
  • Teach Chuan Dor, Baile na Manach, Contae Bhaile Átha Cliath, villa fo-uirbeach Gotach idéalach Victeoiriach deartha ag Deane agus Woodward, áit a bhfuil €28,000 curtha ar fáil chun a dhíon ilsimléar agus ildormánta a chaomhnú agus a dheisiú;
  • Eaglais Dhroim Lias, Droim Dhá Thiar, Contae Liatroma, áit a bhfuil €50,000 curtha ar fáil chun a díon a dheisiú;
  • Eaglais Naomh Munis, Forgnaí, Contae an Longfoirt, áit a bhfuil €8,500 curtha ar fáil chun fuinneog gloine daite a chaomhnú agus a dheisiú ag comóradh Oliver Goldsmith (1728-74);
  • Siopa Uí Ghréacháin, Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, áit a bhfuil €26,000 curtha ar fáil chun aghaidh siopa stairiúil a chaomhnú;
  • 21A Sráid Thomáis, Port Láirge, áit a bhfuil €2,500 curtha ar fáil chun fuinneoga saise adhmaid ó dheireadh an naoú haois déag a dheisiú faoi stiúir caomhnaithe;
  • Teachín Naomh Maodhóg, Fearna, Contae Loch Garman, áit a bhfuil €44,000 curtha ar fáil chun a dhíon ceann tuí a dheisiú.

Leithdháilfear €1.25m den mhaoiniú de €8.1m ar thithe ceann tuí agus €650,000 bronnta ó Scéim Infheistíochta na hOidhreacht Tógtha agus €600,000 ón Sruth tiomnaithe um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla.

I measc na réadmhaoine oidhreachta a bhaineann leas as an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla, tá teach ceann tuí in aice le Cor an Dola, Contae na Gaillimhe, ar cuireadh maoiniú de €17,500 ar fáil dó agus Teachín na Rósanna, Málainn, Contae Dhún na nGall, ar tairgeadh €14,000 dó.

Chomh maith leis an maoiniú a chuirtear ar fáil faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha, geallfaidh coimeádaithe agus úinéirí €29.5m measta chun deisiú a dhéanamh ar a gcuid réadmhaoine oidhreachta faoi stiúir caomhnaithe, rud a fhágfaidh gur infheistíocht an-suntasach é sin inár n-oidhreacht thógtha agus na scileanna tógála traidisiúnta a thacaíonn léis.

Tá liosta iomlán na dtionscadal oidhreachta tógtha a bhaineann leas as maoiniú faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025 ar fáil le híoslódáil thíos.

Tairiscintí Deontais Molta do Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025

Tairiscintí Deontais Molta do Shruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla 2025

Léigh an phreaseisiúint iomlán anseo

📷 Teachín Naomh Maodhóg, Fearna, Contae Loch Garman, a bhainfidh leas as maoiniú de €44,000 faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2025