Féadfaidh caomhnóirí agus úinéirí struchtúr cosanta iarratas a dhéanamh anois ar mhaoiniú deontais suas le €50,000 faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025. Cabhraíonn an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) le caomhnóirí agus úinéirí struchtúr cosanta a gcuid dualgas a chomhlíonadh maidir le cúram a thabhairt d’oidhreacht thógtha na hÉireann.
Arna sheoladh ar an 26 Iúil, beidh SIOT 2025 oscailte d’iarratais go dtí an 27 Meán Fómhair 2024 agus fógrófar na tionscadail rathúla i mí Eanáir 2025. Beidh sé seo trí mhí níos luaithe ná an tréimhse fógartha thraidisiúnta i mí an Mhárta agus tabharfaidh sé am breise d’úinéirí agus do cheardaithe a gcuid tionscadal a sceidealú agus a chríochnú le linn 2025.
Níl SIOT 2025 teoranta do theaghaisí príobháideacha agus tugann sé cúnamh airgeadais luachmhar do raon leathan láithreán oidhreachta, lena n-áirítear anois catagóirí áirithe struchtúr a bhí cuimsithe roimhe seo ag an gCiste um Struchtúir Stairiúla (CSS), scéim ar leith a dhíríonn ar dheontais idir €50,000 agus €200,000 chun cabhrú le tionscadail ar scála níos mó. Osclófar iarratais ar an CSS i dtreo dheireadh 2024.
Ní mór iarratais ar SIOT 2025 a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha faoin 27 Meán Fómhair 2024. Is féidir leo siúd ar spéis leo iarratas a dhéanamh a gcuid ceisteanna a dhíriú chuig a nOifigeach Caomhantais Ailtireachta áitiúil.
Is féidir sonraí iomlána faoi SIOT 2025 – lena n-áirítear foirmeacha iarratais agus sonraí teagmhála d’Oifigigh Chaomhantais Ailtireachta áitiúil – a fháil thíos:
SIOT 2025 Treoirleabhar d’Iarratasóirí
SIOT 2025 Seicliosta d’iarratasóirí